Oibríonn Macha Media thar réimse leathan seánraí le foirne cumasacha chun sárscéalta a thabhairt chuig scáileáin de gach méid.
Léirithe le Gairid
Díolta Faoina Luach

Fiosraíonn Antaine Ó Donnaile scéal an cheithearnaigh coille clúitigh as deisceart Ard Mhacha, Séamus Mac Murchaidh, agus faigheann sé scéal eipiciúil den chos ar bolg, den éirí amach, den ghrá agus den fheallaireacht.
https://www.bbc.co.uk/iplayer/episode/m001jhbg/seamus-mac-murchaidh-diolta-faoina-luach

Díolta Faoina Luach
Séamus Mac Murchaidh - An Dráma

BBC iPlayer Dráma tragóideach a insíonn scéal eipiciúil an cheithearnaigh coille chlúitigh as deisceart Ard Mhacha, Séamus Mór Mac Murchaidh. Spreag Mac Murchaidh idir sceimhle agus meas i measc na ndaoine sin ar chas sé orthu. Gabhadh an rapaire iomráiteach sa deireadh nuair a rug a dheargnamhaid air, Johnson na bhFeá; ach ba ghníomh salach fill óna rúnsearc agus óna chairde cléibhe ba chionsiocair leis.
https://www.bbc.co.uk/iplayer/episode/p0f1r9c1/seamus-mac-murchaidh-an-drama

Séamus Mac Murchaidh - An Dráma
Men's Shed
Léirithe ar na Bacáin
Kayak ó Thuaidh

Sraith úr 4 pháirt í ‘Kayak ó Thuaidh’ a leanfaidh turas eachtrúil beirt céaslóirí cróga agus iad ag troid in éadan na dtonnta amach ó chósta thuaidh na hÉireann. Ag tosú ar an Bhun Bheag i gContae Dhún na nGall, beidh dúshlán mór contúirteach roimh Irial Ó Ceallaigh agus Tessa Fleming, sula mbaineann siad ceann scríbe amach ar oileán Reachlainn amach ó chósta Aontroma.

Kayak ó Thuaidh
Léirithe le Gairid
Is comhlacht léirithe teilifíse é Macha Media a dhéanann cláracha d'ardchaighdéan a chuireann lenár dtuiscint ar an saol agus ar an stair ar bhealach cruthaitheach, ealaíonta.
Contact
07767 271228
info@machamedia.net





