Ról mar Léiritheoir Cúnta faoi Oiliúint
Áit: Macha Media (Ard Mhacha) / Cianobair
Conradh: Bliain amháin (lánaimseartha)
Riachtanais Teanga: Líofacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla
Tá Macha Media ar lorg Léiritheoir Cúnta faoi Oiliúint le bheith mar chuid den fhoireann. Is conradh bliana é seo, agus is féidir go gcuirfear síneadh leis. Is comhlacht léiriúcháin é Macha Media a chruthaíonn ábhar Gaeilge ar ardchaighdeán don teilifís, don raidió agus d’ardáin dhigiteacha. Tá muid tiomanta do scéalta suimiúla a insint, scéalta a dhéanann céiliúradh ar chultúr, ar stair agus ar shaol chomhaimseartha na hÉireann, do lucht féachana in Éirinn agus ar fud an domhain. Déanfar an ról seo a mhaoiniú i gcomhpháirt le Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann.
Cur síos ar an Phost
Cuideoidh an té a cheapfar leis an léiritheoir agus an stiúrthóir i bhforbairt, i bpleanáil agus i léiriú ábhar Gaeilge i réimse seanráí difriúla, cláir faisnéise, drámaí, cláir fíorasacha agus cláir siamsaíochta ina measc. Is riachtanach scileanna cumarsáide den scoth don phost seo, idir Ghaeilge agus Bhéarla, chomh maith le scileanna taighde d’ardchaighdeán, agus suim ar leith sa scéalaíocht agus san obair riaracháin a thagann le léiriúchán.
Príomh-fhreagrachtaí:
- Réamhléiriúchán
- Cuidiú le forbairt na gclár, forbairt scripteanna agus ábhar taighde, chomh maith le riachtanais chruthaitheachta agus riaracháin. o
- Ullmhúcháin agus socrúcháin a dhéanamh d’agallaimh.
- Léirúchán:
- Tacú le siútanna ar an láthair agus sa stiúideo le próiseas leiriúcháin éifeachtúil a chruthú.
- Cuidiú le roghnú rannpháirtithe, le láthair scannánaíochta a aimsiú agus le ceadúnais chuí a fháil.
- Monatóireacht a dhéanamh ar leanúnachas agus ar fhíricí, agus cloí le hamlíntí léiriúcháin.
- Iarléiriúchán
- Aiseolas a thabhairt ar scanstoc.
- Eagarthóireacht gharbh a dhéanamh ar chláir.
- A bheith ag obair leis an fhoireann iarléiriúcháin le haschur d’ardchaighdeán a chinntiú.
- Tacú le fótheidealú, le haistriúcháin, agus le heagarthóireacht scripteanna i nGaeilge agus i mBéarla.
- Eagrú páipéarachais léiriúcháin, foirmeacha scaoilte, agus foirmeacha comhlíonta.
- Glacadh le ról lárnach i margaíocht agus bhfógraíocht na gclár ar líne.
Scileanna agus táithí riachtanacha:
Ba chóir go mbeadh na scileanna seo a leanas ag an té a cheapfar:
- Líofacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla (scríofa agus labhartha)
- Táithí bliana ar a laghad san earnáil léiriúcháin teilifíse, ráidió nó meáin digiteacha. (b’fhearr dhá bhliain).
- Scileanna láidre taighde, scríbhneoireachta agus scéalaíochta.
- An cumas le tascanna, spriocdhátaí agus tosaíochtaí a bhainistiú i dtimpeallacht ghnóthach, agus na tascanna uilig a dhéanamh ar ardchaighdeán le cúrám ar leith ar na mionsonraí.
- Scileanna ullmhúcháin agus riaracháin den chéad scoth.
- Paisean d’earnáil na meán Gaeilge agus don scéalaíocht.
- Táithí i léiriúchán stiúideo.
- Bunscileanna eagarthóireachta nó táithí i mbainistiú léiriúcháin.
Cuirfidh an té faoi oiliúint lena gcuid scileanna ina gcuid oibre thar réimse leathan de léiriúcháin Ghaeilge.
Le hiarratas a dhéanamh caithfídh CV reatha agus litir chlúdaigh, trí Ghaeilge agus trí Bhéarla, ag míniú an fáth a bhfuil dúil agat sa phost seo, a sheoladh chuig pauline.smyth@machamedia.net
Tá Macha Media go mór i bhfách le foireann oibre ilchultúrtha a chruthú, agus fáiltíonn muid roimh iarratais ó dhaoine as grúpaí faoi ghannionadaíocht san earnáil scannáin agus teilifíse.
Spriocdháta: Dé hAoine 8ú Lúnasa 2025
Mar eolas, reáchtálfar na hagallaimh taobh istigh de choicís ón spriocdháta.
Le tuilleadh eolais a fháil, gabh i dteagmháil le pauline.smyth@machamedia.net